Lámhscríbhinní Sheáin Mhic Giollarnáth

Cur Síos

Chuir Seán Mac Giollarnáth 47 lámhscríbhinn le chéile, ábhar béaloidis ina bhformhór, nuair a bhí sé ina bhreitheamh cúirte dúiche i gConamara 1925-1950. Tá na bunlámhscríbhinní lonnaithe in Ionad an Acadaimh, Carna, agus tá leaganacha scanta dóibh sa mbailiúchán seo. D’fhoilsigh Mac Giollarnáth cuid den ábhar i leabhair ar nós Peadar Chois Fhairrge (1934), Loinnir Mac Leabhair agus Sgéalta Gaisgidh Eile (1936) agus Annála Beaga ó Iorrus Aithneach (1941). Tras-scríobhadh na lámhscríbhinní go ríomhaire, agus tá an t-ábhar go léir le fáil i bhformáid PDF ar an suíomh seo.

Tá na caipéisí sa bhailiúchán seo curtha ar fáil ar chaighdeán, nó taifeach, íslithe ionas gur féidir staidéar a dhéanamh orthu le ceangal leathanbhanda ar luas measartha.

Tá leaganacha ardtaifigh de na  lámhscríbhinní ar fáil ar an suíomh sa bhailiúchán seo.

Míreanna sa mBailiúchán

Mac Giollarnáth:  Lámhscríbhinn 1
Tá taifeach an chomhaid seo laghdaithe. Tá leagan ar chaighdeán níos airde le fáil anseo. Lámhscríbhinn 01. Bailiúchán de bhéaloideas agus de scéalta seanchais atá sa lámhscríbhinn seo. 145 leathanach ar fad atá inti. Tugtar clár…

Mac Giollarnáth:  Lámhscríbhinn 2
Tá taifeach an chomhaid seo laghdaithe. Tá leagan ar chaighdeán níos airde le fáil anseo. Lámhscríbhinn 02. Bailiúchán de bhéaloideas agus scéalta seanchais atá sa lámhscríbhinn seo. 151 leathanach ar fad atá inti. Tugtar clár…

Mac Giollarnáth:  Lámhscríbhinn 3
Tá taifeach an chomhaid seo laghdaithe. Tá leagan ar chaighdeán níos airde le fáil anseo. Lámhscríbhinn 03. Ceithre scéal seanchais mar aon le nótaí ilghnéitheacha atá sa lámhscríbhinn seo. Ní leanann uimhreacha na leathanach de réir…
Breathnaigh ar gach 47 mír