Cartlann Sheáin Mhic Giollarnáth

Taispeántas coimeádaithe é Saol agus Saothar Sheáin Mhic Ghiollarnáth ar Sheán Mac Giollarnáth (1880-1970), an bailitheoir iomráiteach béaloidis. Tarraingíonn an taispeántas ar an tobar domhain d’íomhánna, de théacs agus d’ábhar fuaime faoi Sheán Mac Giollarnáth atá ar an suíomh seo.

Breitheamh cúirt dúiche, scríbhneoir agus bailitheoir béaloidis ab ea Seán Mac Giollarnáth. Sa bhliain 1925 ceapadh é ina bhreitheamh Cúirt Dúiche i gConamara, agus d’fhan sé sa bpost sin ar feadh 25 bliain. Le linn an ama seo thug a chuid oibre an deis dó bualadh le cuid de na seanchaithe ba mhó le rá i gConamara agus a gcuid scéalta a bhailiú uathu. Thaifead sé léar suntasach d’ábhar béaloidis, i sraith lámhscríbhinní, mar aon le nótaí agus míniúcháin. Tugtar sonraí sna lámhscríbhinní seo, a bhfuil dátaí idir 1929-1940 orthu, ní hamháin ar na scéalta, na paidreacha, na foclóirí agus na seanfhocail a bhailigh Mac Giollarnáth sa gceantar, ach thairis sin tugtar léargas iontu ar an gcaidreamh a bhí aige leo siúd a chuidigh leis an t-ábhar seo a chruinniú.

Bronnadh na lámhscríbhinní ar Ollscoil na hÉireann, Gaillimh agus tá siad anois in Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Carna, Co. na Gaillimhe. Tras-scríobhadh na lámhscríbhinní agus rinneadh digitiú orthu agus tá an bailiúchán seo mar bhunchloch anois dár dtaispeántas Saol agus Saothar Sheáin Mhic Ghiollarnáth. D’fhoilsigh Mac Giollarnáth cuid mhór den ábhar béaloidis i dtéacsanna ar nós Loinnir Mac Leabhair agus Sgéalta Gaisgidh Eile (1936), Annála Beaga ó Iorrus Aithneach (1941) agus Peadar Chois Fhairrge (1944) agus mar ailt in irisí ar nós Béaloideas. Fuair roinnt de na scéalta seo ardán nua mar shleachta léite a craoladh ar RTÉ Raidió na Gaeltachta. I measc na dtaifead seo áirítear sleachta as Annála Beaga ó Iorrus Aithneach á léamh ag Liam Mac Con Iomaire agus Tír na nDall, aistriúchán de The Country of the Blind (1904) le H.G. Wells á léamh ag Peadar Lamb.

Chun níos mó a léamh, a fheiceáil agus a chloisteáil faoi Sheán Mac Giollarnáth, lean na naisc ar an leathanach seo.