Faoin Tionscadal Seo

https://www.cartlann.ie/files/original/f3f941cd4016e66e9a8b79a31b269be5.JPG

Grianghraf de chuid den bhailiúchán.

Seoladh Taisclann Dhigiteach na hÉireann (Digital Repository of Ireland) in 2015, agus mar chuid den tionscadal seo socraíodh bailiúchán d’ábhar ilchineálach Mhic Giollarnáth a aistriú go cartlann chomhaimseartha dhigiteach. Rinneadh na lámhscríbhinní a dhigitiú, agus tiontaíodh gach leathanach go híomhá ardtaifeach. Cruthaíodh leagan digiteach de gach lámhscríbhinn nuair a rinneadh na leathanaigh digiteacha cuí a chomhcheangal le chéile. Rinne an Dr. Rosmáire Ní Cholla formhór na hoibre.

Scríobh daoine éagsúla lámhscríbhinní Mhic Giollarnáth, agus dá bharr tá cuid acu níos inléite ná a chéile. Mar sin, ar mhaithe le héascaíocht agus le hinúsáidteacht, rinneadh gach lámhscríbhinn a thras-scríobh ar an ríomhaire. Thug Pádraig Ó Confhaola, as Ros Muc, Go. na Gaillimhe, faoin obair mhór seo.  Anuas air seo, cuireadh struchtúr cuimsitheach meiteashonraí i dtoll a chéile, ionas go bhféadfaí cuardach éasca agus anailís dhomhain a dhéanamh ar an ábhar.

In éineacht leis an ábhar seo, cuireadh míreanna fuaime ó Chartlann RTÉ Raidió na Gaeltachta. Tá idir agallaimh a thráchtann ar shaol Mhic Giollarnáth agus sleachta léite óna shaothar sna míreanna fuaime. Cuireadh Catalóg an Bhailiúcháin le chéile freisin.