Lámhscríbhinní Sheáin Mhic Giollarnáth (Ardtaifeach)

Cur Síos

(Is cáipéisí ardtaifigh iad seo. Tá leaganacha ar thaifeach níos ísle, agus níos éasca le hionramháil, ar fáil ar an suíomh seo freisin).

Chuir Seán Mac Giollarnáth 47 lámhscríbhinn le chéile, ábhar béaloidis ina bhformhór, nuair a bhí sé ina bhreitheamh cúirte dúiche i gConamara 1925-1950. Tá na bunlámhscríbhinní lonnaithe in Ionad an Acadaimh, Carna, agus tá leaganacha scanta dóibh sa mbailiúchán seo. D’fhoilsigh Mac Giollarnáth cuid den ábhar i leabhair ar nós Peadar Chois Fhairrge (1934), Loinnir Mac Leabhair agus Sgéalta Gaisgidh Eile (1936) agus Annála Beaga ó Iorrus Aithneach (1941). Tras-scríobhadh na lámhscríbhinní go ríomhaire, agus tá an t-ábhar go léir le fáil i bhformáid PDF ar an suíomh seo.

Míreanna sa mBailiúchán

Lámhscríbhinn 1 (Ardtaifeach)
Lámhscríbhinn 01
Bailiúchán de bhéaloideas agus de scéalta seanchais atá sa lámhscríbhinn seo. 145 leathanach ar fad atá inti. Tugtar clár ábhair ar dtús mar aon le huimhreacha na leathanach comhfhreagrach. Tugann inscríbhinn ar an…

Lámhscríbhinn 2 (Ardtaifeach)
Lámhscríbhinn 02
Bailiúchán de bhéaloideas agus scéalta seanchais atá sa lámhscríbhinn seo. 151 leathanach ar fad atá inti. Tugtar clár ábhair ar dtús mar aon le huimhreacha na leathanach comhfhreagrach. Tá ÓF. Ml. IV scríofa ar an…

Lámhscríbhinn 3 (Ardtaifeach)
Lámhscríbhinn 03
Ceithre scéal seanchais mar aon le nótaí ilghnéitheacha atá sa lámhscríbhinn seo. Ní leanann uimhreacha na leathanach de réir a chéile. Tugann inscríbhinní ag tús na lámhscríbhinne agus ar an droim le fios gurb é…
Breathnaigh ar gach 47 mír