Eanlaith Fiáine

Dublin Core

Teideal

Eanlaith Fiáine

Ábhar

Fiadhúlra

Cur Síos

Alt ó 'Biseach 1987', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. I mbéal an dorais agam mé óg bhí dhá choill: ceann an taobh s'againne den abhainn agus an ceann eile ar an taobh thall. Níor bheo mise agus gasúir m'aoise gan seáirse a thabhairt ins na coillte sin. Aeraíl na hóige dár saighdeadh an uair úd. Bhíodh cineál draíocht ag baint leis ag teacht na huaire bhreá tráth mbíodh an dúlra 'na dhúiseacht, an lá gafa i bhfad agus gléineacht an tsuaircis le tabhairt chun cruinnis sa ngrian, sa ngealach, sa spéir ó mhaidin go moch go camhaoir an tráthnóna. Na héanlaith a raibh a dtarraingt ar mhong, ar chrann, ar aill, ar thamhnach, ar riasc, ar thom nó ar sceich taobh istigh nó taobh amuigh de na coillte úd, sin iad a mheall sinne lena nglaoch, le torann a gcuid sciathán agus le niamhracht a gcuid ceoil. Chualamar cois teallaigh faoi Úna Bhán " ... a glór ba binne ná glór an éin ar chraoibh". Dúradh linn freisin "go n-imthíonn an mheánfach ó dhuine go duine mar a imthíonn an t-éinín ó bhile go bile".

Léiritheoir/Cruthaitheoir

An tAthair Máirtín Ó Loideáin O.C.D.

Foinse

Bailiúchán Biseach

Dáta

1987

Cearta

© Cumann Forbartha Chois Fharraige

Teanga

ga

Cineál

Téacs

Aitheantóir

BI1987A03

Comhaid

https://www.cartlann.ie/files/original/f6b4f084eb6e821741bc1ff722d56d16.pdf

Clibeanna

Tagairt

An tAthair Máirtín Ó Loideáin O.C.D., “Eanlaith Fiáine,” Cartlann Ghaeltacht Chonamara, accessed 23 Aibreán 2024, https://old.spunout.ie/items/show/1996.