Máirtín Mór Ó Cadhain

Dublin Core

Teideal

Máirtín Mór Ó Cadhain

Ábhar

Litríocht, Máirtín Ó Cadhain

Cur Síos

Alt ó 'Biseach 2005', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Uair sa gcéad a thagas mórscríbhneoir chun cinn i dteanga ar bith, mór ná mion. Ba den mhianach sin príomhéigeas Chois Fharraige, Máirtín Ó Cadhain, gan aon cheist. Pearsa mhór mhillteach le rá a bhí ann lena linn féin, agus d’oibrigh sé tionchar thar na bearta ar réimsí éagsúla d’Éirinn a aimsire féin. Bhí sé gan amhras ar bith ar dhuine de mhórscríbhneoirí an fichiú haois sa tír seo, agus dá scríobhadh sé i mBéarla Yeats, Joyce, Synge, Friel, Heaney agus a leithéidí, bheadh tionscal bisiúil liteartha mar chrois den ghlaschloch os a chionn, agus ollúna agus lucht adhartha ó na ceithre harda ar oilithreacht bhliantúil chuig a ionad comórtha agus cuimhneacháin ar an gCnocán Glas.

Léiritheoir/Cruthaitheoir

Gearóid Denvir

Foinse

Bailiúchán Biseach

Dáta

2005

Cearta

© Cumann Forbartha Chois Fharraige

Teanga

ga

Cineál

Téacs

Aitheantóir

BI2005A02

Comhaid

https://www.cartlann.ie/files/original/c1cb7f3b67de7236dd34762e34b0c531.pdf

Tagairt

Gearóid Denvir, “Máirtín Mór Ó Cadhain,” Cartlann Ghaeltacht Chonamara, accessed 23 Aibreán 2024, https://old.spunout.ie/items/show/2142.