Cogar An tSaibhris ón nGaoth, Aniar, Aduaidh is Aneas

Dublin Core

Teideal

Cogar An tSaibhris ón nGaoth, Aniar, Aduaidh is Aneas

Ábhar

Creideamh

Cur Síos

Alt ó 'Biseach 2006', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Chuir Dia cogar ón ngaoth aniar i leathchluas Naomh Pádraic ag rá “Tar a ógánaigh agus siúil arís inár measc”. B’shin é “Glór na nGael” i leathchluas Naomh Pádraic agus buíochas le Dia níor thug sé an chluas bhodhar dó. Tháinig macalla an Ghlóir chéanna sa ngaoth aneas do leathchluas Naomh Ainnín i gceantar na Coirbe agus do leathchluas Naomh Colmcille in Árainn ón ngaoth aduaidh ó Chois Fharraige, agus buíochas mór le Dia níor thug ceachtar den bheirt Naomh sin an chluais bhodhar don chogar. Tháinig Naomh Ainnín trasna na Coiribe go Cill Ainnín agus Naomh Colmcille ó Árainn go ceantar na Tulaí agus b’shin tús na Críostaíochta sa taobh seo tíre.

Léiritheoir/Cruthaitheoir

Micheál Ó Flannabhra, S.P.

Foinse

Bailiúchán Biseach

Dáta

2006

Cearta

© Cumann Forbartha Chois Fharraige

Teanga

ga

Cineál

Téacs

Aitheantóir

BI2006A21

Comhaid

https://www.cartlann.ie/files/original/18510b85606a77172088646832153cee.pdf

Clibeanna

Tagairt

Micheál Ó Flannabhra, S.P., “Cogar An tSaibhris ón nGaoth, Aniar, Aduaidh is Aneas,” Cartlann Ghaeltacht Chonamara, accessed 27 Aibreán 2024, https://old.spunout.ie/items/show/2190.