Páipéir Bhána agus Páipéir Bhreaca

Dublin Core

Teideal

Páipéir Bhána agus Páipéir Bhreaca

Ábhar

Litríocht, Máirtín Ó Cadhain

Cur Síos

Alt ó 'Biseach 2006', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. B’as saol an bhéaloidis, saol nach raibh mórán athrú air le míle bliain anuas a fáisceadh mé. Ba í an duais ab fhearr a d’fhéadfadh duine a ghealla dhuit ar feadh na bliana go ligfeadh sé ag an bpátrún thú, pátrún Cholm Cille ag a thobar, naoi nó deich de mhílte taobh thiar den Spidéal. Bhí mé a liachtaí sin uair ar an bpátrún, ach ní raibh mé fós ariamh ag an tobar, cé gur chuir mo mháthair turais orm ann i mo pháiste dhom. Tuigim go maith cé an fáth ar chuir an Dochtúr Brí, Easpag Chaisil agus Imligh anseo, amach na tréadlitreachaí siúd, ceann acu, is cuimhneach liom i 1813 , i nGaeilge álainn freisin, ar geall le foruagraí ó Rialtas Stormont inniu iad ag toirmeasc mórshiúil eicínt. Ag toirmeasc aon phátrún ná aon turas ag aon tobar sa deoise idir a leithéid seo agus a leithéid seo eile de lá a bhí an t-easpag. I saol Dionysiusach na dtoibre beannaithe ba mhó mo spéis-sa freisin, go bhfóire Dia orainn! Má gheallann Dia léas beag eile ar mo shaol dhom tá súil agam mian mo mháthair bhocht a chomhlíona.

Léiritheoir/Cruthaitheoir

Máirtín Ó Cadhain

Foinse

Bailiúchán Biseach

Dáta

2006

Cearta

© Cumann Forbartha Chois Fharraige

Teanga

ga

Cineál

Téacs

Aitheantóir

BI2006A23

Comhaid

https://www.cartlann.ie/files/original/85776b287705bc176ddef8f0aba22ede.pdf

Tagairt

Máirtín Ó Cadhain, “Páipéir Bhána agus Páipéir Bhreaca,” Cartlann Ghaeltacht Chonamara, accessed 20 Aibreán 2024, https://old.spunout.ie/items/show/2192.