Filí Bhaile na mBroghach
Dublin Core
Teideal
Filí Bhaile na mBroghach
Ábhar
Filíocht
Cur Síos
Alt ó 'Biseach 2008', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. ‘Fágtar ag an bhFilí é,’ nó ‘sin é an chaoi ar chuir an Filí é,’ a chloisfeá go minic ó mhuintir na háite seo againne agus iad i ngeoin chomhrá le chéile ag geata an tséipéil, ag crosbhóthar, ar foscadh ar an bportach ón mbáisteach, ag líonadh leoraí móna, nó ag déanamh uaighe i reilig an Chnoic. Taispeánann an méid sin an meas atá ar Sheosamh Ó Donnchadha (Joe Shéamais Sheáin) mar fhile, agus an mhuinín atá ag a phobal féin as lena gcuid smaointe a chur i bhfocail. Ba mhór an chomaoin ar bhainis nó ar chéilí tí an Filí a bheith i láthair le cúpla ceann dá chuid dánta a rá.
Léiritheoir/Cruthaitheoir
Peadar Mac an Iomaire
Foinse
Bailiúchán Biseach
Dáta
2008
Cearta
© Cumann Forbartha Chois Fharraige
Teanga
ga
Cineál
Téacs
Aitheantóir
BI2008A13
Clúdach Tíreolaíoch
Baile na mBroghach
Tagairt
Peadar Mac an Iomaire, “Filí Bhaile na mBroghach,” Cartlann Ghaeltacht Chonamara, accessed 12 Aibreán 2025, https://old.spunout.ie/items/show/2228.