Tigh Dick ar an Tulaigh
Dublin Core
Title
Tigh Dick ar an Tulaigh
Subject
Gnó
Description
Alt ó 'Biseach 2009', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Má thugann tusa aire de do ghnó, tabharfaidh do ghnó aire duitse. Mura dtabharfaidh tú aire dó, ní bheidh gnó agat (R.B O’Toole). Rugadh R. B. Ó Tuathail in Eanach Mheáin i 1881, do Sheán Ó Tuathail, agus Sabina Ní Mháille (Uí Thuathail). Richard a thugadh a mhuintir féin air, Dick Toole a thabharfadh muintir na háite air, agus R. B. O’Toole an t-ainm gnó a bhí aige. Bhí dlúth theagmháil ag muintir Uí Thuathail in Eanach Mheáin le muintir Uí Chonaire as Gairfean, mar bhí deirfiúr Sabina Ní Mháille (uí Thuathail), Máire Gráinne Ní Mháille, arb as Béal Átha na mBreac a muintir, pósta le Pádraig Ó Conaire. Bhí siopaí ag deartháir Sabina freisin, Peadar Ó Máille, sa Mhám agus i mBéal Átha na mBreac.
Creator
Coiste Eagarthóireachta Biseach
Source
Bailiúchán Biseach
Date
2009
Rights
© Cumann Forbartha Chois Fharraige
Language
ga
Type
Téacs
Identifier
BI2009A11
Spatial Coverage
An Tulach
Tagairt
Coiste Eagarthóireachta Biseach, “Tigh Dick ar an Tulaigh,” Cartlann Ghaeltacht Chonamara, accessed December 22, 2024, https://old.spunout.ie/items/show/2248.