Cumann Mícheál Breathnach
Dublin Core
Teideal
Cumann Mícheál Breathnach
            Ábhar
Spórt
            Cur Síos
Alt ó 'Biseach 2009', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Níl na comórtais ar fad thart fós go mbeidh sé i ndeireadh mhí Dheireadh Fómhair, is cosúil. Amach agus amach, bliain an-mhaith a bhí inti do na peileadóirí. Chuaigh an fhoireann faoi-21 chomh fada le cluiche ceannais an chontae i Roinn A, tar éis dóibh Craobh an Iarthair a bhuachaint i gcoinne Chill Ainnín i bhfíorchluiche peile. Ina dhiaidh sin a thug siad aghaidh ar Eanach Dhúin i gcluiche ceannais an chontae, áit a bhfuair fir an Eachréidh an ceann is fearr orainn le haon chúilín amháin sa deiridh. Ní raibh mórán ceapadh ag lucht peile na Gaillimhe dúinn sa ngrád seo mar gur foireann an-óg a bhí againn agus tá mé cinnte go mbeidh an fhoireann seo ar ais. 
            Léiritheoir/Cruthaitheoir
Pádraic Joe Shéamais
            Foinse
Bailiúchán Biseach
            Dáta
2009
            Cearta
© Cumann Forbartha Chois Fharraige
            Teanga
ga
            Cineál
Téacs
            Aitheantóir
BI2009A22
            Tagairt
Pádraic Joe Shéamais, “Cumann Mícheál Breathnach,” Cartlann Ghaeltacht Chonamara, accessed 31 Deireadh Fómhair 2025, https://old.spunout.ie/items/show/2259.
    