Ó Chois Fharraige go Chicago
Dublin Core
Title
Ó Chois Fharraige go Chicago
Subject
Taisteal
Description
Alt ó 'Biseach 2015', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Fáilte go tír na saor,” a deir sé. Samhradh 2010, Chicago, Illinois agus ceann scríbe domsa agus mo bhaile nua. Tháinig mé anseo os cionn cúig bliain ó shin le bheith in éindí le mo ghrá geal agus chun tús a chur le mo chuid staidéar ar dhoctúireachta san eolaíocht. Ag Ollscoil Illinois i Chicago (UIC) a bhí mé le mo staidéar a dhéanamh i gCógaisíocht Bhiteicneolaíochta (pharmaceutical biotechnology). Saol nua, tír nua, cultúr nua. Cé go raibh na féileacáin ag cur dinglis i mo phutóga ag an tús, smaoinigh mé ar na sean-imircigh a tháinig anseo thar na blianta le meall mór ina gcroíthe mar nach bhfeicfidís an baile go deo arís. Ní raibh rudaí chomh dona sin i mo chás féin. Bhí go leor feicthe agam faoi Mheiriceá sna scannáin agus ní mór dom anois mo bhealach a dhéanamh anseo idir an t-olc agus an mhaith.
Creator
Dr. Eoghainín Ó hAinmhire
Source
Bailiúchán Biseach
Date
2015
Rights
© Cumann Forbartha Chois Fharraige
Language
ga
Type
Téacs
Identifier
BI2015A15
Tagairt
Dr. Eoghainín Ó hAinmhire, “Ó Chois Fharraige go Chicago,” Cartlann Ghaeltacht Chonamara, accessed October 9, 2024, https://old.spunout.ie/items/show/2329.