Ceird an Fhocail: Scríbhneoireacht Chonamara Inniu

Dublin Core

Teideal

Ceird an Fhocail: Scríbhneoireacht Chonamara Inniu

Ábhar

Scríbhneoireacht

Cur Síos

Alt ó 'Biseach 2016', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Dúirt Máirtín Ó Cadhain, mórscríbhneoir Chonamara agus go deimhin duine de mhórscríbhneoirí na Gaeilge riamh anall, ina thiomna liteartha dheireadh saoil, Páipéir Bhána agus Páipéir Bhreaca, go raibh sé ag scríobh i gcaitheamh a shaoil ar uireasa traidisiúin liteartha, ‘cés moite de na filí tuaithe’. Bhí cuid áirithe den cheart aige sa méid sin, ar ndóigh, má tá i ndán is go gciallaíonn traidisiún liteartha riar scríbhneoirí ardréime a bheith romhat sa líne a mbeadh corpus canónda úrscéalta, drámaí, filíochta (i gciall liteartha na hardfhilíochta, go háirithe) agus gearrscéalta foilsithe acu agus léitheoirí iomadúla acu, gan trácht ar litríocht fhairsing chritice a bheith ar fáil lena saothar a “mhíniú” don domhan mór.

Léiritheoir/Cruthaitheoir

Gearóid Denvir

Foinse

Bailiúchán Biseach

Dáta

2016

Cearta

© Cumann Forbartha Chois Fharraige

Teanga

ga

Cineál

Téacs

Aitheantóir

BI2016A05

Comhaid

https://www.cartlann.ie/files/original/71308d3fbeffda1680e26623480e7b05.pdf

Clibeanna

Tagairt

Gearóid Denvir, “Ceird an Fhocail: Scríbhneoireacht Chonamara Inniu,” Cartlann Ghaeltacht Chonamara, accessed 29 Márta 2024, https://old.spunout.ie/items/show/2341.