Craobh Mhionúr Peile na Gaillimhe 1976

Dublin Core

Teideal

Craobh Mhionúr Peile na Gaillimhe 1976

Ábhar

Spórt

Cur Síos

Alt ó 'Biseach 2016', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. An stailc a bhí ar bun ag oibrithe banc na tíre le dhá mhí roimhe a bheith tagtha chun críche, comórtas Rós Thrá Lí a bheith buaite ag Marie Soden as Nua Eabhrac agus diúltú Pháirc an Chrócaigh d’agóid iománaithe na Gaillimhe faoin gcúl conspóideach i gCluiche Leathcheannais na hÉireann (in aghaidh Loch Garman) a bhain ceannlínte an nuachtáin Scéala Éireann amach maidin Dé Céadaoin an 1ú Meán Fómhair 1976. Ach i bParóiste an Chnoic, níor mhiste leo mura n-osclódh aon bhanc go Nollaig mar go raibh Craobh Mhionúr Peile na Gaillimhe tugtha leo ag Micheál Breathnach den chéad uair ariamh an tráthnóna roimhe sin.

Léiritheoir/Cruthaitheoir

Mártan Ó Ciardha

Foinse

Bailiúchán Biseach

Dáta

2016

Cearta

© Cumann Forbartha Chois Fharraige

Teanga

ga

Cineál

Téacs

Aitheantóir

BI2016A14

Comhaid

https://www.cartlann.ie/files/original/0e6f0d23f763c20c9b21589deb95e767.pdf

Clibeanna

Tagairt

Mártan Ó Ciardha, “Craobh Mhionúr Peile na Gaillimhe 1976,” Cartlann Ghaeltacht Chonamara, accessed 18 Aibreán 2024, https://old.spunout.ie/items/show/2350.