Ruaidhrí Ó Flaitheartaigh agus Ceantar an Spidéil

Dublin Core

Title

Ruaidhrí Ó Flaitheartaigh agus Ceantar an Spidéil

Subject

Stair

Description

Alt ó 'Biseach 2018', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Ba mhór le rá é Ruaidhrí Ó Flaitheartaigh i gcaint agus i gcomhrá na ndaoine i gceantair an Spidéil. Nuair a thagadh comhluadar le chéile ar cuairt thart timpeall an teaghlaigh san am a caitheadh bhíodh Flaitheartach na Páirce go mór faoi chaibidil acu. Ba údar iontais agus mórtais dhíobh go raibh an scoláire mór seo ina chónaí ina measc agus is iomaí insint a bhí ar na tréithe léinn agus oideachais a bhain leis. Ba díobh féin é, de shliocht uasal Gaelach a raibh flaitheas acu ar an taobh seo tíre san am a caitheadh. Cosúil leo féin, díshealbhaíodh é óna thalamh dhúchais chun cur faoi sa stráice achrannach seo in aice na farraige. Nárbh é an Flaitheartach a bhaist an taobh tíre seo den chéad uair i Laidin nuair a thug sé mar seoladh “Armorica Galviensi” nó Cois Fharraige na Gaillimhe.

Creator

Seán Ó Neachtain

Source

Bailiúchán Biseach

Date

2018

Rights

© Cumann Forbartha Chois Fharraige

Language

ga

Type

Téacs

Identifier

BI2018A07

Spatial Coverage

An Spidéal

Comhaid

https://www.cartlann.ie/files/original/f0a5edadf562776be9b5618e7c9538f9.pdf

Clibeanna

Tagairt

Seán Ó Neachtain, “Ruaidhrí Ó Flaitheartaigh agus Ceantar an Spidéil,” Cartlann Ghaeltacht Chonamara, accessed November 7, 2024, https://old.spunout.ie/items/show/2390.