Toghchán 1918 i gConamara

Dublin Core

Teideal

Toghchán 1918 i gConamara

Ábhar

Stair, Polaitíocht

Cur Síos

Alt ó 'Biseach 2018', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Is beag atá ar eolas faoi thoghchán 1918 i gCois Fharraige. ’Sé an peaca é ach, sin mar atá sa gcás seo. Ceann d’éachtaí móra Éirí Amach na Cásca ná cur in iúl do náisiúntóirí na hÉireann go raibh rogha eile ar fáil dóibh, mar ionadaithe pobail, seachas an Páirtí an Rialtais Dúchais. Roimhe sin, níor tuigeadh é sin i ndáiríre cé go raibh mionpháirtithe ar nós Sinn Féin ann. Is annamh a thug na mionpháirtithe sin dúshlán Pháirtí an Rialtais Dúchais. Bagairtí fisiciúla agus eacnamaíochta, easpa misnigh, easpa tacaíochta sna meáin agus easpa infreastruchtúir pholaitiúil chomh maith le tuiscint ar an stádas pobail a bhí ag Páirtí an Rialtais Dúchais. An rud a thug an tÉirí Amach do dhaoine ná an tuiscint go raibh daoine ann a bhí sásta príosún a dhéanamh, troid agus fiú bás a fháil ar son na poblachta (nó saoirse éigin a bhí níos iomláine ná Rialtas Dúchais).

Léiritheoir/Cruthaitheoir

Cormac Ó Comhraí

Foinse

Bailiúchán Biseach

Dáta

2018

Cearta

© Cumann Forbartha Chois Fharraige

Teanga

ga

Cineál

Téacs

Aitheantóir

BI2018A20

Comhaid

https://www.cartlann.ie/files/original/eafda719f074a1a7480978300b08b961.pdf

Clibeanna

Tagairt

Cormac Ó Comhraí, “Toghchán 1918 i gConamara,” Cartlann Ghaeltacht Chonamara, accessed 29 Márta 2024, https://old.spunout.ie/items/show/2403.