Cill Treasa Ros an Mhíl

Dublin Core

Title

Cill Treasa Ros an Mhíl

Description

Tá stair sách fada ag Cill Treasa, teach pobal cheantar Ros an Mhíl. Nuair a scaradh iad mar phobal eaglasta leis an Tulaigh i nDeoise Thuama 1925, is Tí Sheáinín Chóil Bhig i mBaile Láir a bhailíodh pobal Dé ar an Domhnach. Ag tús na dtríochadaí socraíodh Cill Treasa a thógáil ar shuíomh álainn, ag breathnú siar ar Chuan Chasla. Is leathpharóiste leis an Spidéal é Cill Treasa. Cónaíonn an sagart paróiste sa Spidéal. Nuair a bhásaigh an Canónach McAlliney, S.P. a bhí ar an Spidéil i 1931 tháinig an Canónach Ó Donghaile i gcomharbacht air. Tháinig An tAthair Liam Ó Móráin mar shagart óg go Ros an Mhíl in 1932. De réir na leice atá ar an mballa, osclaíodh Cill Treasa in 1933.

Creator

Mairéad Bhiddy Johnny Uí Chonaola

Source

Bailiúchán Biseach

Date

2019

Rights

© Cumann Forbartha Chois Fharraige

Language

ga

Type

Téacs

Identifier

BI2019A13

Spatial Coverage

Stair, Creideamh

Comhaid

https://www.cartlann.ie/files/original/3a5a3a186e04feec5eabde611419299f.pdf

Clibeanna

Tagairt

Mairéad Bhiddy Johnny Uí Chonaola, “Cill Treasa Ros an Mhíl,” Cartlann Ghaeltacht Chonamara, accessed December 21, 2024, https://old.spunout.ie/items/show/2446.