Raidió na Gaeltachta : Saor-Raidió Chonamara
Dublin Core
Title
Raidió na Gaeltachta : Saor-Raidió Chonamara
Subject
Raidió na Gaeltachta
Description
Tá aithne agam ar fhear áirid a bhíodh ag dearbhú go síoraí dom i dtús na bliana 1969 nach raibh i gcaint faoi raidió Gaeltachta a bhunú ach caint gan chéill agus gurb éard a bhí le déanamh ó cheart feabhas a chur ar líon na gcláracha Gaeilge ar Raidió Éireann. An fear céanna inniu shílfeá gurb é féin go pearsanta a chuir stiúideo Chasla le chéile, ó bhloc go bloc agus ó bholta go bolta, leis an gcaoi a mbíonn sé ag cur síos ar an leas atá déanta ag an tseirbhís Ghaeltachta ó lá a bunaithe. Cén bhrí dá mbeadh sé sásta a admháil gur athrú intinne a tháinig air - rud a d'fhéadfadh tarlú do dhuine nádúrtha ar bith. Ach ní bheadh ná go deo. Cloisfidh tú daoine eile ag rá go raibh stáisiún na Gaeltachta i gceann Éamoin de Valera na blianta fada ó shin - nó ina chroí b'fhéidir, os isteach ina chroí a bhíodh air breathnú uair ar bith a mbíodh beart nua tábhachtach éigin á chur ina shuí aige. Ach más ina cheann nó ina chroí a bhí sé ní dheachaigh sé níos faide.
Creator
Seosamh Ó Cuaig
Source
Cartlann an Phléaráca, faoi chúram Ollscoil na hÉireann Gaillimh
Date
1991
Rights
© Pléaráca. Gach Ceart ar Cosaint.
Language
ga
Type
Téacs
Identifier
PL1991A04
Extent
700
Geolocation
Bailiúchán
Tagairt
Seosamh Ó Cuaig, “Raidió na Gaeltachta : Saor-Raidió Chonamara,” Cartlann Ghaeltacht Chonamara, accessed December 21, 2024, https://old.spunout.ie/items/show/249.