Muintearas: An Togra Oideachais Gaeltachta
Dublin Core
Teideal
Muintearas: An Togra Oideachais Gaeltachta
Ábhar
Oideachas; Forbairt Shóisialta
Cur Síos
Tá Muintearas, an Togra Oideachais Gaeltachta, bunaithe anois ó 1980. Is i gCeantar na nOileán i gConamara a bhí an togra lonnaithe agus ag feidhmiú ar dtús, ach tá imeachtaí an togra leathnaithe anois chuig ceantair eile i gConamara Carna, Cill Chiaráin, Ros Muc, Camus, Corr na Móna, agus chuig Gaeltachtaí eile ar fud na tíre. Tá Muintearas airgeadaithe ó Fondúireacht Bernard van Leer san Ollainn agus ó Údarás na Gaeltachta. Tá tograí ag Fondúireacht Van Leer i dtíortha ar fud an domhain. Sí aidhm na Fondúireachta an soláthar oideachais a fheabhsú sna ceantair ina bhfuil a gcuid tograí. Tá suim ar leith acu ról tuismitheoirí in oideachas a ngasúr a láidriú. Leanann Muintearas an fhealsúnacht seo sna scéimeanna éagsúla a reáchtáileann siad. Togra taighde agus forbartha atá ann go bunúsach agus déantar iarracht na scéimeanna a chur in oiriúint do riachtanais an cheantair, sa chás seo do riachtanais na Gaeltachta.
Léiritheoir/Cruthaitheoir
An Coiste Eagarthóireachta, Pléaráca 1991
Foinse
Cartlann an Phléaráca, faoi chúram Ollscoil na hÉireann Gaillimh
Dáta
1991
Cearta
© Pléaráca. Gach Ceart ar Cosaint.
Teanga
ga
Cineál
Téacs
Aitheantóir
PL1991A15
Fad
2000
Clúdach Tíreolaíoch
Géolocalisation
Bailiúchán
Tagairt
An Coiste Eagarthóireachta, Pléaráca 1991, “Muintearas: An Togra Oideachais Gaeltachta,” Cartlann Ghaeltacht Chonamara, accessed 11 Meán Fómhair 2024, https://old.spunout.ie/items/show/260.