An Ghaeltacht i mBliain an 2000 - Pobal nó Ionad Oidhreachta?
Dublin Core
Title
An Ghaeltacht i mBliain an 2000 - Pobal nó Ionad Oidhreachta?
Subject
An Ghaeltacht
Description
‘Ní shílim fhéin go bhfuil aon ghá a dhul i bhfad leis an díospóireacht áithrid seo, maidir leis an bhliain, bliain an 2000. Sílim go mba leor a bheith ag éisteacht le pobal lnis Oírr ag an Aifreann inniu, ag freagairt an Aifrinn go nádúrtha, agus go raibh sé go maith a bheith ag éisteacht leis an bhfoireann peile as lnis Oírr agus foireann mo cheantar fhéin, foireann Micheál Breathnach, ag imirt ar an bpáirc anseo amuigh, ag fógairt ar a chéile go hiomlán as Gaeilge, ag eascainí i nGaeilge, buíochas le Dia. Ar ndóigh, tá bliain an 2000 chomh gar dhúinn, agus gur ar éigean go mbeidh muid bailithe abhaile as Tigh Ned ar chor ar bith nó go mbeadh sí ar ár mullach má bhíonn aon seisiún maith ann ina dhiaidh seo.
Creator
Joe Steve Ó Neachtain
Source
Cartlann an Phléaráca, faoi chúram Ollscoil na hÉireann Gaillimh
Date
1995
Rights
© Pléaráca. Gach Ceart ar Cosaint.
Language
ga
Type
Téacs
Identifier
PL1995A02
Bailiúchán
Tagairt
Joe Steve Ó Neachtain, “An Ghaeltacht i mBliain an 2000 - Pobal nó Ionad Oidhreachta?,” Cartlann Ghaeltacht Chonamara, accessed December 7, 2024, https://old.spunout.ie/items/show/322.