Leitir Mealláin

Dublin Core

Teideal

Leitir Mealláin

Ábhar

Stair; Tíreolaíocht; Oileáin; An Ghaeltacht

Cur Síos

Tá Leitir Mealláin suite siar ó Gharumna. Ceantar cósta atá an-fhiáin ar a bhfuil go leor oileáin. Tá an talamh bocht ach bhí neart saothrú le baint i gcónaí as an bhfarraige. Sé Foirnis agus an Chrapach na h-oileáin is mó. Daighnis, Inis Oirc, Fraoch Oileán Beag agus Fraoch Oileán Mór, Ceann Golaim agus Oileán Chaisín. Tá sé nó seacht de oileáin bheaga thimpeall an cheantair. Bhíodh go leor smuigleáil ar siúl ann fadó. Ceantar mór poitín, iascaireachta agus déanamh ceilpe an tslí mhaireachtála a bhí ag na daoine, bhí neart sliogéisc freisin le fáil sna cuanta. Púcáin agus báid iomra is mó a bhíodh sa gceantar le haghaidh baint fheamainne i gcomhar leasú fataí.

Léiritheoir/Cruthaitheoir

John Bhaba Jeaic Ó Confhaola

Foinse

Cartlann an Phléaráca, faoi chúram Ollscoil na hÉireann Gaillimh

Dáta

2008

Cearta

© Pléaráca. Gach Ceart ar Cosaint.

Teanga

ga

Cineál

Téacs

Aitheantóir

PL2008A02

Clúdach Tíreolaíoch

Géolocalisation

Comhaid

https://www.cartlann.ie/files/original/759ce41754c64a8d8cb9252186ffbd50.pdf

Tagairt

John Bhaba Jeaic Ó Confhaola, “Leitir Mealláin,” Cartlann Ghaeltacht Chonamara, accessed 29 Márta 2024, https://old.spunout.ie/items/show/485.