An Bhrídeog

Dublin Core

Title

An Bhrídeog

Subject

Béaloideas; Cultúr

Description

Tá an tradisiún seo ar an oileán leis na cianta. Is oíche speisialta í oíche na Féile Bríde do na cailíní bunscoile. Déantar an bhrídeog as dornán tuí. Cuirtear maide slat choill trasna sa dornán mar lámha. Cuirtear éadach bán ar a ceann, gúna agus maisítear í le ribíní ildaite agus bróistí. Cuirtear súile, srón agus béal uirthi agus ar ndóigh an sparán leis an airgead a chur ann. Is tar éis na scoile a théann na cailíní thart ó theach go teach, beirt le gach brídeog agus deir siad an phaidir in onóir Naomh Bríd agus is beannacht í seo do chuile theach ar an oileán ar an oíche seo.

Creator

Máirín Uí Chonghaile

Source

Cartlann an Phléaráca, faoi chúram Ollscoil na hÉireann Gaillimh

Date

2009

Rights

© Pléaráca. Gach Ceart ar Cosaint.

Language

ga

Type

Téacs

Identifier

PL2009A11

Comhaid

https://www.cartlann.ie/files/original/7831e62f48e58228bc0fcf1c619734f2.pdf

Clibeanna

Tagairt

Máirín Uí Chonghaile, “An Bhrídeog,” Cartlann Ghaeltacht Chonamara, accessed October 23, 2024, https://old.spunout.ie/items/show/503.