Gaol Ar Oileán

Dublin Core

Teideal

Gaol Ar Oileán

Ábhar

Stair; Oileáin

Cur Síos

Ní dhéanfaidh mise dearmad go deo ar na dinnéir a bhíodh againn oícheanta Nollag agus mé i mo ghasúr - breams Árann agus béile breá fataí. Bhíodh muid ag faire ar fhear an phosta roimh aimsir na Nollag i gcónaí, mar bliain i ndiaidh bliana bhíodh litreacha ag teacht as Meiriceá ó m'aint Nan, agus ó Aint Biddy - aint le mo mhama ab ea Biddy, ach níor thug muid uirthi riamh ach Aint Biddy - agus ní gá dom a rá ná go mbíodh níos mó ná cártaí Nollag sna litreacha seo; go ndéana Dia trócaire orthu, ba ghroíúil iad. Bhí Pete Mhichael Saile as Baile an Fhormada in Inis Oírr amhlaidh, go ndéana Dia grásta air, mar chuile Nollaig beo chuireadh sé beart breams chugainn i gcomhair na Nollag- ba dheas iad!

Léiritheoir/Cruthaitheoir

Máirín Mhic Lochlainn

Foinse

Cartlann an Phléaráca, faoi chúram Ollscoil na hÉireann Gaillimh

Dáta

2013

Cearta

© Pléaráca. Gach Ceart ar Cosaint.

Teanga

ga

Cineál

Téacs

Aitheantóir

PL2013A03

Clúdach Tíreolaíoch

Géolocalisation

Comhaid

https://www.cartlann.ie/files/original/a438fd4d315b4e42e011bae0e1412e67.pdf

Clibeanna

Tagairt

Máirín Mhic Lochlainn, “Gaol Ar Oileán,” Cartlann Ghaeltacht Chonamara, accessed 28 Márta 2024, https://old.spunout.ie/items/show/541.