Glórtha na Réabhlóide: Míreanna Fuaime

Cur Síos

Tá ábhar á chur le cartlann an Raidió ó 1972 agus is bailiúchán é a bhfuil stór luachmhar eolais inti ar chultúr agus ar shochaí na Gaeilge agus na Gaeltachta. Rinneadh an chartlann a chíoradh chun na míreanna fuaime is feiliúnaí faoi na himeachtaí stairiúla a tharla in Éirinn sna blianta 1913-1923 a aithint. Rinneadh rangú agus comhthéacsú orthu, agus tá siad curtha i láthair an phobail arís sa bhailiúchán seo. Tá idir léachtaí, agallaimh agus chláir faisnéise sa bhailiúchán seo. Tugann na míreanna fuaime seo léargas ar chomhthéacs stairiúil, cultúrtha agus sóisialta an ama. Léiríonn siad freisin an tionchar a bhí ag eachtraí corraitheacha, cosúil leis an gCogadh Mór, an tÉirí Amach, Cogadh na Saoirse agus an Cogadh Cathartha, ar phobal na hÉireann. Tugann na míreanna léargas dúinn ar a ndearcadh siúd a chonaic, a ghlac páirt, a chuala faoi, agus a rinne staidéar ar na heachtraí stairiúla sin a tharla sa tréimhse chinniúnach díreach roimh agus i ndiaidh bhunú an Stáit.

Míreanna sa mBailiúchán

"An aithníonn tú mise?...Spíodóir a bhí ionamsa…" Sa chlár seo cuirtear agallamh ar Matt Hackett, iar-bhall d’Óglaigh na hÉireann, as Tír Oileáin, ar imeall chathair…

Labhraíonn Brian Mac Suibhne (Barney Sweeney) faoina shaol san Arm agus sna Gardaí. Is ón Mhín Mhór, Tír Chonaill, dó agus chaith sé tréimhse sna hÓglaigh (Arm na hÉireann)…

San eagrán seo den tsraith chlár Comhluadar, déanann Tomás Ó Loideáin (Tom Mháirtín) as an Tuar beag sa Spidéal cur síos ar a shaol. Pléitear téamaí éagsúla ar nós poitín, an aithne a bhí aige ar Mháirtín Ó Cadhain, agus na…
Breathnaigh ar gach 99 mír