Agallamh le Matt Hackett (31/03/1986)

Dublin Core

Teideal

Agallamh le Matt Hackett (31/03/1986)

Ábhar

Cogadh na Saoirse
An Cogadh Cathartha
Dealbh Liam Uí Mhaoilíosa

Cur Síos

"An aithníonn tú mise?...Spíodóir a bhí ionamsa…"
Sa chlár seo cuirtear agallamh ar Matt Hackett, iar-bhall d’Óglaigh na hÉireann, as Tír Oileáin, ar imeall chathair na Gaillimhe. Bhí sé ceithre bliana déag nuair a tharla Éirí Amach na Cásca, agus ghlac sé féin páirt i gCogadh na Saoirse agus sa Chogadh Cathartha. Bhí aithne mhaith aige ar dhaoine a ghlac páirt i gCogadh na Saoirse i gceantar na Gaillimhe agus bhí go leor béaloidis aige, dá réir. Déanann sé cur síos ar an easpa arm a bhí ann i rith an Éirí Amach agus ina dhiaidh. Is ó shaighdiúirí Arm na Breataine a fuair na hÓglaigh roinnt díobh sa Chaisleán Gearr, i nGaillimh - ceannaíodh roinnt de na gunnaí nó thugadh iar-shaighdiúirí do na hÓglaigh iad. Ag trácht ar na fórsaí áitiúla dó, dúirt sé go mba mheasa roinnt den sean-RIC ná na Dúchrónaigh.

Gabhadh é féin cúpla uair i rith Chogadh na Saoirse ach scaoileadh saor arís é. Dar leis, ní mórán spíodóirí a bhí ann i rith Chogadh na Saoirse ach bhí go leor acu ann tar éis an Éirí Amach. Casadh duine díobh, a bhí imithe as an áit le fada, air i bPáirc an Chrócaigh roinnt blianta níos deireanaí. Luann sé Tom Reddington as Gaillimh, saighdiúir in Arm an tSaorstáit, a maraíodh i Longfort sa Chogadh Cathartha. Tugtar le fios gurb é a thaobh féin a mharaigh é, agus gur maraíodh é in aighneas faoi bhean (a bhí gaolta le Kitty Kiernan). Luaitear fear eile as Baile Átha Cliath a bhí ag obair sa phríosún agus a scaoil daoine amach as an bpríosún le linn an Chogaidh Chathartha. Cáineann sé muintir an lae inniu (sna 1980í) mar gheall nach raibh comóradh ceart á dhéanamh ar Éirí Amach na Cásca agus mar gheall ar an dochar atá á dhéanamh do dhealbh Liam Uí Mhaoilíosa, ar an Fhaiche Mhór, i gcathair na Gaillimhe.

Léiritheoir/Cruthaitheoir

Breathnach, Seán Bán

Foinse

Cartlann RTÉ Raidió na Gaeltachta

Dáta

31-03-1986

Cuiditheoir

Hackett, Matt

Cearta

© RTÉ Raidió na Gaeltacha. Gach Ceart Ar Cosaint.

Teanga

ga

Cineál

Fuaim

Aitheantóir

15679

Fad

00:25

Clúdach Ama

21/01/1919-11/07/1921: Cogadh na Saoirse
28/06/1922-24/05/1923: An Cogadh Cathartha

Láithreoir

Breathnach, Seán Bán

Comhaid

https://www.cartlann.ie/files/original/f883937db3d1c199953c9f32f9f4110c.mp3

Tagairt

Breathnach, Seán Bán, “Agallamh le Matt Hackett (31/03/1986),” Cartlann Ghaeltacht Chonamara, accessed 28 Aibreán 2024, https://old.spunout.ie/items/show/616.