Browse Items (2437 total)
Sort by:
Deireadh an RIC i gCois Fharraige 1901-1922
I rith an naoú céad déag tháinig an pobal faoi thionchar stát na Breataine ar bhealaí nár tharla roimhe sin. Tá an t-alt seo chun leathshúil a chaitheamh ar laethanta deireanacha cheann d’institiúidí móra an stáit sin, Constáblacht…
Tags: Stair
Cás Cúirte Spéisiúil sa Spidéal 1919
Céad bliain ó shin, tugadh triúr ball den RIC os comhair na cúirte sa Spidéal agus cúiseanna curtha ina leith faoi fhear áitiúil darbh ainm Peter Curran a ionsaí. Gearradh fíneáil 5 scilling ar bheirt den RIC chomh maith le costais £1…
Tags: Stair
Cill Treasa Ros an Mhíl
Tá stair sách fada ag Cill Treasa, teach pobal cheantar Ros an Mhíl. Nuair a scaradh iad mar phobal eaglasta leis an Tulaigh i nDeoise Thuama 1925, is Tí Sheáinín Chóil Bhig i mBaile Láir a bhailíodh pobal Dé ar an Domhnach. Ag tús na…
Leathchéad Bliain Craoltóireachta ag SBB
Daithí Ó Muirí a thras-scríobh an t-agallamh seo a rinne Seosamh Ó Braonáin le Seán Bán
Tags: Craoltóireacht, Na Méain
Conallach sa Spidéal - Domhnall Ó Duibhne
Dá dhúthrachtaí, dá dhíograisí agus dá dheisbhéalaí iad ceannródaithe na hAthbheochana, ní fhéadfaidís an cuspóir a chuir siad rompu a thabhairt i gcrích mura mbeadh slua den ghnáthphobal ann ar fud na tíre a rinne sclábhaíocht i…
Tags: An tAthbheochan, Litríocht
Muilte Chois Fharraige
Ní ceantar é Cois Fharraige a shamhlaítear le muilte sa lá atá inniu ann, ach is cosúil go raibh muilte fairsing go maith anseo sna céadta a chuaigh romhainn. Go deimhin, is as Éirinn a thagann an fhianaise is luaithe san Eoraip do cheard na…
Tags: Stair
Nan Thaidhg
Píosa a bhí scríofa i bpáipéar áitiúil de chuid Stát Maine i Meiriceá faoi bhean as an Spidéal a chuir siar ar bhóithrín na smaointe mé. Ba í Nan Ní Choncheanainn, nó Nan Thaidhg mar a bhí aithne uirthi sa Spidéal, a bhí faoi…
Dónal Ó Catháin/Dainín Keane R.I.P.
Tagann an bás gan cás gan cuireadh agus ba é a fhearacht sin agamsa agus an scéal truamhéalach a chuala mé ón mbaile leis an maidneachan i dtús mhí Eanáir na bliana seo. Níos measa ná sin arís, bás tobann. Thall i bPerth na hAstráile a…