An Tannery i nGaillimh

Dublin Core

Teideal

An Tannery i nGaillimh

Cur Síos

Ní mba teach é an tannery a raibh daoine ag iarraidh mórán eolais a chuir air, mar a deireadh an seandream ‘teach tórramh na mart’. B’áit é a raibh cur síos mór air agus diabhal mórán duine nár chuala caint air. Is ann isteach a thugtaí gach a mbíodh go chraicne caorach agus beithíoch ag an slaughter house gan trácht ar bith ar an méid eile a thagadh isteach ann ó chuile áit ar fud an chontae mar mharaíodh go leor go mhuintir na tuaithe a gcuid beithíoch agus caorach fhéin. B’amhlaidh a shaillidís an mart nó an beithíoch go díreach glan mar a shaillidís an mhuic, é a ghearradh suas ina phíosaí agus é a chuir i mbairille picil.

Léiritheoir/Cruthaitheoir

Jimmí Chearra

Foinse

Bailiúchán Biseach

Dáta

2019

Cearta

© Cumann Forbartha Chois Fharraige

Teanga

ga

Cineál

Téacs

Aitheantóir

BI2019A27

Clúdach Tíreolaíoch

Stair

Comhaid

https://www.cartlann.ie/files/original/bb048ae558a561ad4638313044f8fe2a.pdf

Clibeanna

Tagairt

Jimmí Chearra, “An Tannery i nGaillimh,” Cartlann Ghaeltacht Chonamara, accessed 29 Márta 2024, https://old.spunout.ie/items/show/2460.