Aighneas Iascaireachta 1935

Dublin Core

Teideal

Aighneas Iascaireachta 1935

Cur Síos

I lár shamhradh na bliana 1935 thug tuairim is cúig fhear fhichead de chuid mhuintir na háite – an Tulaigh, Baile na hAbhann, an Chloch Mhór – aghaidh ar Loch na Creibhinne, nó Loch Bhaile na hAbhann, agus chuaigh siad ag iascach sa loch, a bhformhór ón mbruach, ach chuaigh triúr nó ceathrar amach i mbád. Iascach mar dhea a bhí ar siúl ag an gcuid is mó acu – d’admhaigh duine den lucht eagraithe, Séamus Ó Conghaile as Baile na hAbhann (Séamus Phat Shéamuis), ina dhiaidh sin gur slat sailí agus píosa twine ceangailte de a bhí aige féin. Tamall ina dhiaidh sin tháinig an té a mba leis cearta iascaireachta na locha, Michael Wallace, ar an láthair, le beirt ghardaí, agus tógadh ainmneacha.

Léiritheoir/Cruthaitheoir

Lochlainn Ó Tuairisg

Foinse

Bailiúchán Biseach

Dáta

2019

Cearta

© Cumann Forbartha Chois Fharraige

Teanga

ga

Cineál

Téacs

Aitheantóir

BI2019A28

Clúdach Tíreolaíoch

Stair, Iascaireacht

Comhaid

https://www.cartlann.ie/files/original/94375c92de5bf763811226421f77b5b0.pdf

Clibeanna

Tagairt

Lochlainn Ó Tuairisg, “Aighneas Iascaireachta 1935,” Cartlann Ghaeltacht Chonamara, accessed 28 Márta 2024, https://old.spunout.ie/items/show/2461.