An tAthair Mícheál Ó Gríofa (05/12/1975)

Dublin Core

Title

An tAthair Mícheál Ó Gríofa (05/12/1975)

Subject

An tAthair Mícheál Ó Gríofa
Cogadh na Saoirse

Description

San eagrán seo den chlár Tráthnóna Inniu ó Chasla (05 Samhain 1975) cuireann Seán Ó Tuairisg agallamh ar fhear as Co. Chiarraí [00:00-11:36], agus ar fhear as ceantar Iorrais i Maigh Eo [13:44-21:40]. Ag [23:30] labhraíonn Pádraig Ó Flaithearta faoin sagart poblachtánach, an tAthair Mícheál Ó Gríofa. Mealladh amach as a theach é idir 11pm agus 12am oíche Dé hAoine, ar an 14 Samhain 1920, agus mharaigh baill d’fhórsaí na Corónach é. Cuireadh a chorp sa phortach ó thuaidh de shráidbhaile Bhearna (Cloch Scoilte, an áit ina bhfuil Pádraig ina chónaí), ach fritheadh é ar an 20 Samhain 1920. Cuireadh sochraid mhór air. Labhraíonn Ó Flaithearta faoin mbéaloideas áitiúil agus an méid a bhí le rá ag finnéithe difriúla faoin eachtra.

Tá mír eile sa bhailiúchán seo faoin Athair Ó Gríofa anseo (Uimh 22324).

Creator

Ó Tuairisg, Seán

Source

Cartlann RTÉ Raidió na Gaeltachta

Date

05-12-1975

Contributor

Ó Flaithearta, Pádraig

Rights

© RTÉ Raidió na Gaeltacha. Gach Ceart Ar Cosaint.

Language

ga

Type

Fuaim

Identifier

54955

Extent

00:29

Spatial Coverage

Temporal Coverage

20/11/1920: Fritheadh corp an Athar Uí Ghríofa

Mediator

Ó Tuairisg, Seán

Comhaid

https://www.cartlann.ie/files/original/f3f3da8fff0c2f74b145c7a6e9876ad6.mp3

Tagairt

Ó Tuairisg, Seán, “An tAthair Mícheál Ó Gríofa (05/12/1975),” Cartlann Ghaeltacht Chonamara, accessed December 22, 2024, https://old.spunout.ie/items/show/669.