Litir an Phiarsaigh (25/05/2005)
Dublin Core
Teideal
Litir an Phiarsaigh (25/05/2005)
            Ábhar
Éirí Amach na Cásca
Pádraig Mac Piarais
Géilleadh an Phiarsaigh
Príosún Chnoic an Arbhair
            Pádraig Mac Piarais
Géilleadh an Phiarsaigh
Príosún Chnoic an Arbhair
Cur Síos
San eagrán seo den tsraith Cúrsaí an Lae labhraíonn an Dr Mary Harris faoin litir a scríobh Pádraig Mac Piarais i bPríosún Chnoc an Arbhair ar an 30ú lá de Aibreán 1916 agus atá le dul ar ceant ar lá an chraolta. Tá praghas de €50,000-€80,000 luaite leis an litir seo. Is litir lámhscríofa í a scríobh an Piarsach tar éis dó géilleadh (tá roinnt cóipeanna clóbhuailte den litir chéanna ar an margadh). Is géilleadh oifigiúil agus treoir do na cinnirí míleata éirí as an troid atá sa litir. Bhí a fhios aige go raibh dream fós ag troid sna Ceithre Cúirteanna nach raibh sásta géilleadh, agus míníonn sé cén fáth a bhfuil an cinneadh déanta éirí as an troid – chun nach ndéanfaí tuilleadh slada ar mhuintir na cathrach agus ionas gur féidir a lucht leanúna féin a shábháil. Ghéill Pádraig Mac Piarais ar an 29 Aibreán 1916, agus mar sin tá dáta na litreach míchruinn. Críochnaíonn an plé le litreacha atá ag Mary Harris féin (óna seanathair a bhí sa phríosún i 1916) agus pléitear na deiseanna atá ann cáipéisí den sórt sin a chaomhnú.
            [Aguisín: Seo a leanas téacs na litreach: ‘In order to prevent further slaughter of the civil population and in the hope of saving the lives of our followers, the members of the Provisional Government present at headquarters have decided on an unconditional surrender, and commandants or officers commanding districts will order their commands to lay down arms. P.H. Pearse, Dublin, 30th April 1916.’
Tar éis an mhír seo a chraoladh, íocadh €700,000 ar an litir ag ceant Adams Auctioneers. Bhí an litir ar díol arís ar 30 Aibreán 2016, agus iad ag súil go n-íocfaí €1.5m air. ]
Léiritheoir/Cruthaitheoir
Ó Flaithbheartaigh, Máirtín Jamsie
            Foinse
Cartlann RTÉ Raidió na Gaeltachta
            Dáta
25-05-2005
            Cuiditheoir
Harris, Mary
            Cearta
© RTÉ Raidió na Gaeltacha. Gach Ceart Ar Cosaint.
            Teanga
ga
            Cineál
Fuaim
            Aitheantóir
64052
            Fad
0.048
            Clúdach Tíreolaíoch
Clúdach Ama
29/04/2016: Géilleadh an Phiarsaigh 
25/05/2005: Litir le Díol
            25/05/2005: Litir le Díol
Láithreoir
Ní Chualáin, Neasa
            Bailiúchán
Tagairt
Ó Flaithbheartaigh, Máirtín Jamsie, “Litir an Phiarsaigh (25/05/2005),” Cartlann Ghaeltacht Chonamara, accessed 4 Samhain 2025, https://old.spunout.ie/items/show/687.
    